Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Tuesday, 28 Nov 1995

Vol. 458 No. 8

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Teilifís na Gaeilge.

Robert Molloy

Question:

21 D'fhiafraigh Mr. Molloy den Aire Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta cé mhéad airgid a cuireadh ar fáil sa mhéastachán i mbliana le haghaidh Théilifís na Gaeilge; cé mhéad den airgead sin atá caite go dtí seo; cad air a bhfuil sé caite; an gcuirfidh sé in iúl an obair atá déanta leis an airgead sin; agus an bhféadfadh sé a chur in iúl cén uair a bheidh an obair ar fad críochnaithe agus an tseirbhís ar fáil don phobal. [17785/95]

Micheál Martin

Question:

23 D'fhiafraigh Mr. Martin den Aire Ealaíon. Cultúir agus Gaeltachta an gcinnteoidh sé don Dáil nach mbeidh aon laghdú ar an méid airgid a gheall an Rialtas do Theilifís na Gaeilge; agus go mbeidh deich milliún punt ann i gcomhair an stáisiúin ó 1996 amach; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [17891/95]

Robert Molloy

Question:

24 Mr. Molloy asked the Minister for Arts, Culture and the Gaeltacht if any date has been set for the commencement of transmission of Teilifís na Gaeilge; and if he will make a statement on the matter. [17676/95]

Trevor Sargent

Question:

36 D'fhiafraigh Mr. Sargent den Aire Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta an dtabharfaidh sé tuairisc ar fhorbairt Theilifís na Gaeilge go nuige seo agus cé na spriocdhátaí atá aige chun an fhorbairt a chur i gcrích. [17781/95]

Tógfaidh mé Ceisteanna Uimh. 21, 23, 24 agus 36 le chéile.

Dírím aird na dTeachtaí ar an bhfreagra a thug mé ar Cheisteanna Dála Uimh. 17, 18, 40, 43, 47, 56, 67, 74, 94 agus 97 ar 1 Feabhra 1995, colúin 962 go 967 sa Tuairisc Oifigiúil don lá sin, nuair a thug mé sonraí faoi chinneadh an Rialtais den 20 Eanáir 1995 i ndáil le hairgeadú Theilifís na Gaeilge. Níl aon athrú ar an gcinneadh sin.

Mar thoradh ar chinneadh an Rialtais, cuireadh £3.6 milliún do chaiteachas caipitil agus £2.5 milliún do chaiteachas reatha ar fáil sna Meastacháin do 1995. Chomh maith leis an airgead ón Státchiste do na hoibreacha caipitil do Theilifís na Gaeilge, chinn an Rialtas go bhféadfadh RTE úsáid a bhaint as an tsuim £6.4 milliún (ús san áireamh) a gnóthaíodh mar fharasbarr ar na teorainneacha ioncaim a leagadh síos faoin Acht Craolacháin, 1990. Tuairiscíonn RTÉ go bhfuil suim £3.59 milliún caite go dáta i 1995 ar oibreacha caipitil agus meastar go gcaithfear £3.65 milliún eile roimh dheireadh na bliana. Ó thaobh chaiteachas reatha tuairiscíonn RTÉ go bhfuil £1.1 milliún caite go dáta i 1995 agus meastar go gcaithfear fuílleach an tsoláthair roimh dheireadh na bliana.

Go dtí go gcruthófar bonn dlithiúil ar leith do Theilifís na Gaeilge, tá cúram leagtha ar RTÉ i ndáil le tógáil an bhonneagair tarchuradóireachta agus feidhmiú na seirbhíse, ach dearcadh Chomhairle Theilifís na Gaeilge a thógáil san áireamh. Maidir leis an mbunstruchtúr teicniúil, tuigim ó RTÉ go bhfuil tarchuradóirí tógtha ag dhá phríomhláthair, agus tástáil déanta orthu, agus táthar ag súil leis go mbeidh an próiséas sin críochnaithe leis na príomhtharchuradóirí uile faoi dheireadh an earraigh 1996. Tuairiscíonn RTÉ freisin go bhfuil dul chun cinn maith á dhéanamh le tógáil na bhfoirgneamh, na dtúr agus eile a bhaineann leis an gcóras nasc-tarchuradóireachta.

Fuarthas cead pleanála le déanaí don cheannáras i mBaile na hAbhann, Contae na Gaillimhe, agus tá tús curtha leis an obair ar an láthair.

Maidir leis na cláir féin, tuigim go raibh an chéad bhabhta coimisiúnaithe ann i mí Lúnasa agus gur fógraíodh an dara babhta i mí Mheán Fómhair. Tá obair ag dul ar aghaidh freisin maidir le hábhar a athghuthú i nGaeilge.

Tá súil ag RTÉ go dtosóidh an tseirbhís nua ar 31 Deireadh Fómhair 1996.

Tá mé buíoch den Aire as ucht an t-eolas suas chun dáta seo a thabhairt don Teach. Níl a fhios agam cén fáth gur luaigh an tAire na freagraí eile a tugadh cheana féin mí Feabhra seo caite, ach tá áthas orm a chloisteáil go bhfuil an obair ag dul ar aghaidh go sásúil agus tá súil agam go mbeidh sé in ann an sprioc-am mí Mheán Fómhair nó mí Dheireadh Fómhair 1996 a bhaint amach ionas go mbeidh Teilifís ar bun ag an am sin, agus déanaim comhghairdeas leis an Aire as ucht an méid dul chun cinn atá déanta aige go dtí seo.

Ba mhaith liomsa fáilte a chur roimh ráiteas an Aire chomh maith agus comhghairdeas a dhéanamh leis as ucht an méid dul chun cinn atá feicthe go dtí seo. Is léir go mbeidh Teilifís na Gaeilge ar siúl 31 Deireadh Fómhair an bhliain seo chugainn, mar a dúirt sé agus beimid ar an taobh seo den Teach ag tabhairt an-chuid tacaíochta dó.

Ba mhaith liom buíochas a ghabháil as ucht na tacaíochta atá ar fáil don bheartas seo ón bhFreasúra agus ó Theachtaí eile. Tá mé thar a bheith buíoch dó.

Top
Share