Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Tuesday, 28 Nov 1995

Vol. 458 No. 8

Written Answers. - Raidio na Gaeltachta.

Máire Geoghegan-Quinn

Question:

94 D'fhiafraigh Mrs. Geoghegan-Quinn den Aire Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta an bhfuil sé i gceist aige féin nó ag RTÉ comhairle nua a cheapadh do Raidio na Gaeltachta. [17607/95]

I gcomhréir le hAlt 21 den Acht um Udarás Craolacháin 1960, mar atá curtha isteach ag Alt 5 den Acht um Údarás Craolacháin, (Leasú) 1976, is féidir le RTÉ, le cead an Aire, coiste a cheapadh chun comhairle a chur air i gcomhlíonadh a chuid feidhmeanna. Faoin Acht is ceist do RTÉ comhaltaí a cheapadh don choiste. Tuigim go mbeidh Comhairle nua á ceapadh ag RTÉ go luath.

Top
Share