Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Tuesday, 28 Nov 1995

Vol. 458 No. 8

Written Answers. - Úsáid Na Gaeilge.

Trevor Sargent

Question:

98 D'fhiafraigh Mr. Sargent den Aire Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta conas a chuirtear úsáid na Gaeilge chun cinn san obair atá faoi chúram a Roinne siúd agus ranna eile ó thaobh na turasóireachta, na Roinne Comhshaoil agus cúrsaí imirceach, cuir i gcás. [17783/95]

Ní go róshoiléir a thuigim an cheist seo ach dírím aird an Teachta ar na freagraí a thug mé inniu — ar Cheist Dála Uimh. 25 faoi húsáid na Gaeilge laistigh de mo Roinn féin agus — ar Cheist Dála Uimh. 50 faoi chur chun cinn na Gaeilge san Earnáil Phoiblí i gcoiteann.

Tá obair i gcoitinne na Rannóga iomchuí i mo Roinnse, agus in Udarás na Gaeltachta agus i mBord na Gaeilge, dírithe ar úsáid na Gaeilge a chur chun cinn. Maidir leis an turasóireacht chultúrtha, teanga agus oidhreachta sa Ghaeltacht, bíonn cúnamh le fáil chuige sin ó Údarás na Gaeltachta agus is cabhair í freisin don tionscal tuarasóireachta sa Ghaeltacht scéimeanna áirithe de chuid mo Roinne, mar shampla, cúnamh faoi Achtanna na dTithe (Gaeltacht) chun seomraí breise a thógáil do chuairteoirí agus Scéim na bhFoghlaimeoirí Gaeilge.
Faoi mar is eol don Teachta, ar ndóigh, tá cúram ar gach Roinn Stát ar leith maidir le húsáid na Gaeilge ina gcuid scéimeanna féin agus tá Bord na Gaeilge ag cabhrú leo chun an aidhm sin a chur i gcrích. Níl aon fhreagracht ar mo Roinnse maidir le cúrsaí imirce.
Top
Share