Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Wednesday, 29 Nov 1995

Vol. 459 No. 1

Written Answers. - Ceapadh Múinteoir Achmhainne.

Éamon Ó Cuív

Question:

84 D'fhiafraigh Éamon Ó Cuív den Aire Oideachais an bhfuil i gceist aici múinteoir tacaíochta a cheapadh do Scoil Náisiúnta Eanach Dúin, Cor an Dola, Contae na Gaillimhe; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [17935/95]

Is í feidhm an mhúinteora acmhainne gníomhú mar thaca don ghnáthfhoireann teagaisc i gcás páistí atá ag freastal ar ghnáthranganna, a bhfuil máchail orthu.

Cheadaigh mé deich bpost breise do mhúinteoirí acmhainne i scoileanna náisiúnta le héifeacht ón lú Meán Fómhair 1995. Tá líon iomlán tríocha sé phost dá leithéid san earnáil do bhunscoileanna. Ceadaíodh na postanna seo ar bhonn tosaíochta bunaithe ar eolas a bhailigh Cigirí na Roinne.

Níor éirigh leis an scoil a luann an Teachta ar an ócáid seo. Ach cuirfear riachtanais uile na scoile sin san áireamh an chéad uair eile a bheifear ag ceapadh múinteoirí acmhainne.

Top
Share