Mar is eol don Teachta, bunaíodh stádas na Gaeilge san Aontas Eorpach mar theanga ina bhfuil na Conarthaí ar fáil sa bhliain 1973, ar dhul isteach dúinn sa Chomhphobal Eorpach. Cuirtear córas na dteangacha in iúl go reachtúil in Ionstram na Comhairle. Ní áirítear an Ghaeilge mar "theanga oifigiúil agus oibre de chuid an Aontais" san Ionstram sin. Mar sin féin, ba cheart a mheabhrú, gur féidir Gaeilge a úsáid i gcásanna sa Chúirt Bhreithiúnais, agus, i gcúinsí áirithe, is féidir ráitisí a dhéanamh i nGaeilge sa Phairlimint Eorpach.
Is féidir go mbeidh ceist chóras na dteangacha i measc na gceisteanna a bheas le plé ag an gComhdháil idir Ionadaithe na mBallstát (CIB) i 1996. Toisc gur cheist achrannach í, agus toisc gur gá do na baillstáit bheith d'aon ghuth ag an gComhdháil idir Ionadaithe na mBallstát, tá seans ann nach ndéanfar aon athrú sontasach maidir le córas na dteangacha ag an CIB. Ach, má phléitear córas na dteangacha ag an CIB, agus má bhíonn deis ann stádas na Gaeilge a fheabhsú sa chomhthéacs seo, tá sé d'intinn ag an rialtas beartas oiriúnach a chur chun cinn. Thug Teachta Gay Mitchell, an tÁire Stáit um Ghnóthaí Eorpacha, le fios i láthair an Grúpa Machnaimh, a bhuail le chéile in ullmhúchán don CIB, go mb'fhéidir go luafaidh Éire ceist na Gaeilge ag an CIB i gcomhthéasc aon díospóireachta faoi chóras na dteangacha.