Tá airgead mór caite ag mo Roinnse agus ag Roinn na Gaeltachta roimhe le blianta beaga anuas chun feabhas a chur ar na saoráidí calaíochta ar Inis Meáin. D'íoc Roinn na Gaeltachta deontais de £178,267 le Comharchumann Inis Meáin Teo i 1991/1992 mar chabhair chun oibreacha feabhsúcháin a chur i gcrích ag Cé an Chalaidh Mhóir. Chomh maith leis sin tá i gceit go gcríochnófar an obair ar an mórscéim mhuiroibreacha ar Inis Meáin Inis Oírr i mbliana ar chostas measta de £4.5 million san iomlán.
Tá iarratais ar chúnamh i leith obair bhreise fheabhsúcháin ar na saoráidí calaíochta ag Cé an Chalaidh Mhóir (iarratas nua a fuarthas le fíordhéanaí san áireamh) á scrúdú ag mo Roinnse faoi láthair.