Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Tuesday, 23 Jan 1996

Vol. 460 No. 3

Written Answers. - Iarratas faoi Scoil in Indreabhán, Gaillimh.

Robert Molloy

Question:

231 D'fhiafraigh Mr. Molloy den Aire Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta an bhfuil a Roinn ag tabhairt tacaíochta don iarratas ó Chumann Forbartha Chois Fharraige Indreabhán, Contae na Gaillimhe, Scoil Ghnó Tríú Leibhéal trí Ghaeilge a chur ar bun i gCois Fharraige. [1192/96]

Is eol dom go bhfuil moladh imlíneach nó coincheap ann ó Chumann Forbartha Chois Fharraige chun Scoil Ghnó Triú Leibhéal trí Ghaeilge a bhunú sa cheantar. Ní togra é sin a bhainfeadh le mo Roinnse, cé nach gá dom a rá, ar ndóigh, go gcuirfinn fáilte roimh coincheap dá leithéid.

Top
Share