Tá soláthar ann do dheontas le haghaidh costas aíochta i gcásanna áirithe. Baineann sé le daltaí a bhfuil cónaí orthu lasmuigh de raon seirbhísí iompair chuig scoil daraleibhéal a bhfuil oideachas oiriúnach ar fáil inti. Daltaí ó na hoileáin a fhaigheann formhór mór na ndeontas faoin scéim seo.
Is é £1,750 an méid is mó is féidir a íoc le dalta ar bith don scoilbhliain 1995/96. Faigheann gach dalta atá ináirithe deontas de 8/15 den táille aíochta a ghearrtar ar thuismitheoirí. Tá soláthar faoi leith sa scéim d'iarratasóirí fíorghátaracha. Faigheann siadsan nach bhfuil de theacht isteach acu ach íocaíochtaí leasa shóisialaigh deontas aíochta 100 faoin gcéad. Ar an gcuma chéanna, faigheann iarratasóirí nach bhfuil teacht isteach thar £9,360 sa bhliain acu deontas aíochta 100 faoin gcéad. Tá soláthar ann freisin gur féidir an uasteorainn ioncaim seo a árdú faoi £308 i gcás gach páiste i ndiaidh an chéad pháiste atá ina chleithiúnaí. Táim sásta go bhfuil an scéim dírithe ar an aicme is gátaraí agus go dtógtar líon na bpáistí i dteaghlaigh ar cleithiúnaithe iad san áireamh.