Tá dualgas reachtúil ar an Údarás um Ard-Oideachas comhairle a thabhairt dom faoi riachtanas nó a mhalairt a bheith le forais nua árdoideachais a bhunú. Bunaíodh coiste stiúrtha i 1993 faoi choimirce an údaráis le comhairle a sholáthar ar riachtanais agus ar fhorbairt na hearnála tríú leibhéil.
Tá tuarascáil an choiste stiúrtha agus comhairle an údaráis um árd-oideachas ina leith á scrúdú agam faoi láthair. Nuair a bheidh an scrúdú sin críochnaithe agam beidh cinneadh á dhéanamh agam i gcomhairle le mo chomhghleacaithe sa rialtas maidir le forbairt na hearnála i gcomhthéacs na n-acmhainní airgeadais a bheidh ar fáil.