Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Tuesday, 6 Feb 1996

Vol. 461 No. 1

Written Answers - Scoileanna Náisiúnta Lánghaelacha.

Éamon Ó Cuív

Question:

145 D'fhiafraigh Éamon Ó Cuív den Aire Oideachais cé mhéad Gaelscoil taobh amuigh den Ghaeltacht a bhfuil stádas faoi mhíbhuntáiste acu ón Roinn; agus cad é ainm gach scoile acu. [2470/96]

Éamon Ó Cuív

Question:

146 D'fhiafraigh Éamon Ó Cuív den Aire Oideachais cé mhéad scoil sa nGaeltacht a bhfuil stádas faoi mhíbhuntáiste acu ón Roinn; agus cad é ainm gach scoile acu. [2471/96]

Tá sé i gceist agam Ceisteanna Uimh. 145 agus 146 a thógáil le chéile.

Tá sé Scoileanna Náisiúnta Lánghaelacha lasmuigh den Ghaeltacht a bhfuil aitheantas mar Scoileanna i gCeantair faoi Mhí-bhuntáiste acu. Is iad:

Scoil an tSeachtar Laoch, Baile Munna, Baile Átha Cliath 9.

Scoil Santain, Tamhlacht, Contae Átha Cliath.

Gaelscoil Chaitlín Maude, Iar Thamhlacht, Baile Átha Cliath.

Scoil an Teaghlaigh Naofa, Baile Féitheán, Chorcaí.

Gaelscoil Machan, Corcaigh.

Scoil Chríost Rí, Dún Dealgan.

Tá ocht Scoileanna Náisiúnta sa Ghaeltacht a bhfuil aitheantas mar Scoileanna i gCeantair faoi Mhí-bhuntáiste acu. Is iad:

S.N. Caiseal, Gleann Cholm Cille, Leifear, Contae Dún na nGall.

S.N. Cholmcille, Duibhlinn Riabhach, Carraig Airt, Leitir Ceanainn.

S.N. Chroinne, Dungloe, Contae Dún na nGall.

S.N. Chill Carr, Cill Charthaigh, Contae Dún na nGall.

Sc. Mhic Dara, An Cheathrú Rua, Gaillimh.

S.N. Eachléime, Béal an Mhuirthead, Béal an Átha, Contae Mhuigh Eo.

S.N. Inbhir, Béal an Mhuirthead, Béal an Átha, Contae Mhuigh Eo.

S.N. Ros Dúmhoch, Béal an Mhuirthead, Béal an Átha.

Top
Share