Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Thursday, 15 Feb 1996

Vol. 461 No. 6

Written Answers. - Deontas Obair Deisiúcháin.

Máirín Quill

Question:

80 D'fhiafraigh Miss Quill den Aire Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta an bhfuil iarratas faighte aige ó Chomhairle Chontae na Gaillimhe chun deontas a chur ar fháil le haghaidh obair dheisiúcháin ar Chéibh Chill Mhuirbhé, Inis Mór, Oileáin Árann, Contae na Gaillimhe; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [3507/96]

I mí Iúil 1993 cheadaigh mé deontas nach mó ná £10,000 do choiste forbartha Fhearann an Choirce chun cuidiú leo oibreacha feabhsúcháin a dhéanamh ar thrá Chill Mhuirbhí, i.e., balla a thógáil chun 100 slat de cheann thiar na trá a chosaint. Tá £6,000 den deontas sin íoctha go dtí seo.

Fuarthas tuarascáil agus meastachán costais ó Roinn na Mara i dtaca leis an bpiara ag Cill Mhuirbhí a dheisiú agus á shíneadh agus tá an tuarascáil sin á mheas ag mo Roinnse faoi láthair.

Top
Share