Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Thursday, 15 Feb 1996

Vol. 461 No. 6

Written Answers. - Bunú Scoil Ghnó.

Máirín Quill

Question:

123 D'fhiafraigh Miss Quill den Aire Oideachais an nglacann sí leis an iarratas Scoil Ghnó Tríú Leibhéal trí Ghaeilge a bhunú sa Spidéal, Contae na Gaillimhe; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [3508/96]

Máirín Quill

Question:

125 D'fhiafraigh Miss Quill den Aire Oideachais an bhfuil an tuarascáil ón gCoiste Stiúrtha agus Comhairle an Údaráis um Ard-Oideachas faoi riachtanais nua nó a mhalairt a bheith le forais ard-oideachais a bhunú críochnaithe fós agus an bhfuil aon chinneadh á dhéanamh Scoil Ghnó Tríú Leibhéal trí Ghaeilge a bhunú i gCois Fharraige; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [3510/96]

Tá mé chun Ceisteanna Uimhir 123 agus 125 a ghlacadh le chéile.

Tá tuarascáil an Choiste Stiúrtha faoi choimirce an Údaráis um Ard-Oideachas maidir le riachtanais agus forbairt na hearnála tríú leibhéil á scrúdú agam faoi láthair mar aon le comhairle an Údaráis ina leith.

Nuair a bheidh an scrúdú sin críochnaithe agam beidh cinneadh á dhéanamh agam i gcomhairle le mo chomhghleacaithe sa rialtas maidir le forbairt na hearnála i gcomhthéacs na n-acmhainní airgeadais a bheidh ar fáil.

Top
Share