Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Tuesday, 20 Feb 1996

Vol. 461 No. 7

Written Answers. - Comar Caomhán Teoranta, Inis Óirr.

Éamon Ó Cuív

Question:

162 D'fhiafraigh Éamon Ó Cuív den Aire Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta cén uair a fuair an Roinn iarratas ó Chomhar Caomhán Teoranta, Inis Óirr, Árainn, Contae na Gallimhe, ar dheontas d'Ionad Cultúrtha agus cén uair a dhéanfar cinneadh ar an iarratas seo. [3625/96]

Fuair mo Roinnse iarratas ar chúnamh airgid faoin Scéim Dreasachtaí Forbartha Cultúrtha 1994-1999 ó Chomhar Caomhán Teoranta, Inis Óirr, Contae na Gaillimhe, roimhe an spriocdáta den 3 Feabhra 1996. Tá an t-iarratas fós á bhreithniú ag an gCoiste Comhairleach atá bunaithe agam chun moltaí a dhéanamh maidir leis na hiarratais a rinneadh faoin Scéim. Nílim in ann a rá go cinnte ag an am seo, mar sin, cathain a dhéanfar cinneadh críochnaithe ach faoi aon iarratas ar leith.

Éamon Ó Cuív

Question:

163 D'fhiafraigh Éamon Ó Cuív den Aire Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta cén uair a fuair an Roinn iarratas ó Chomhar Caomhán Teoranta ar shleamhnán nó fánán a thógáil in aice na céibhe nua in Inis Oírr, agus cén uair a dhéanfar cinneadh ar an iarratas seo. [3627/96]

Fuarthas iarratas ó Chomhar Caomhán Teoranta go dtogfaí sleamhnán in aice na cé ag Inis Óirr i Mí Feabhra 1995.

Mar fhreagra ar Cheist Dála ón Teachta ar 6 Nollaig 1995 mhínigh mé go raibh curtha in iúl ag Roinn na Mara go meastar go gcosnódh sé £110,000 chun an sleamhnán sin a thógáil agus go raibh tuarascáil iarrtha ón Roinn sin ar thionscal na hiascaireachta ar Inis Óirr agus ar thábhacht an tsleamhnáin don tionscal sin. Níl an tuarascáil sin faighte go fóill.

Breithneofar cás an tsleamhnáin mar thogra ann féin nuair a gheofar an tuarascáil sin.

Top
Share