Patrick J. Morley
Question:45 D'fhiafraigh Mr. Morley den Aire Oideachais cén fáth nach bhfuil aon alt i nGaeilge san iris, Inside Education, eagrán 2, a foilsíodh le gairid. [1122/96]
Vol. 461 No. 7
45 D'fhiafraigh Mr. Morley den Aire Oideachais cén fáth nach bhfuil aon alt i nGaeilge san iris, Inside Education, eagrán 2, a foilsíodh le gairid. [1122/96]
Foilsíodh an dara eagrán de Inside Education roimh Nollaig 1995. Go bunúsach is nuachtlitir inmheánach don Roinn Oideachais í Inside Education agus is é mó a bhíonn inti ná ailt a chuireann daoine aonair ar fáil ar bhonn deonach maidir le dul chun cinn laistigh den Roinn. Níl aon alt as Gaeilge san eagrán reatha toisc nár soláthraíodh ceann. Beidh fáilte roimh ailt as Gaeilge afach agus tabharfar cuireadh ar leith do dhaoine a leithéid a sholáthair agus déanfar iarrachtaí eile chun ailt as Gaeilge a chur ar fáil feasta.