Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Tuesday, 20 Feb 1996

Vol. 461 No. 7

Written Answers. - Boird Rialacháin san Institiúid Ardléinn.

Denis Foley

Question:

57 D'fhiafraigh Mr. Foley den Aire Oideachais cé na critéir a d'úsáid sí nuair a bhí na ceapacháin a ndéanamh aici chuig na Boird seo leanas: Institiúid Ardléinn Baile Átha Cliath, Bord Scoil an Léinn Cheiltigh, Bord Scoil na Fisice Teoiriciúla, Bord Scoil na Fisice Cosmaí; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [2761/96]

Agus baill á gceapadh agam do na Boird Rialacháin san Institiúid Ardléinn cuireadh na toscaí seo leanas san áireamh: saineolas aitheanta ar obair na scoile i gceist; taithí agus-nó cáilíochtaí a bhfuil baint acu le feidhmeanna agus riaradh bord bainistíochta; an gá le comhréir chuí a bheith idir fir agus mná ar na boird.

Top
Share