Tom Moffatt
Question:67 D'fhiafraigh Dr. Moffatt den Aire Oideachais an bhfuil sí freagrach as an nGúm agus, má tá, an bhfuil i gceist aici é a athlonnú sa nGaeltacht; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [3589/96]
Vol. 461 No. 7
67 D'fhiafraigh Dr. Moffatt den Aire Oideachais an bhfuil sí freagrach as an nGúm agus, má tá, an bhfuil i gceist aici é a athlonnú sa nGaeltacht; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [3589/96]
Tá mé freagrach as an nGúm i láthair na h-uaire. Tá tagairt sa Chlár do Rialtas Athnuachana go ndéanfar ath-bhreithniú ag an Roinn Airgeadais ar fhoireann An Ghúim agus go mbeidh an tuarascáil sin mar bhunús ar aistriú An Ghúim go dtí an Roinn Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta. Níl sé i gceist agam An Gúm a athlonnú.