Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Wednesday, 28 Feb 1996

Vol. 462 No. 3

Written Answers. - Departmental Studies.

Ivor Callely

Question:

58 Mr. Callely asked the Minister for Arts, Culture and the Gaeltacht the total number of studies undertaken by his Department or by an agency under the aegis of his Department; the number of matters that he or the Minister(s) of State at his Department have referred for study/report/review to an expert group; and if he will make a statement on the matter. [4389/96]

Dírím aird an Teachta ar na freagraí a thug mé ar Cheisteanna Dála Uimh. 85 den 19 Deireadh Fómhair 1995, Uimh. 57 den 25 Deireadh Fómhair 1995, Uimh. 85 den 13 Nollaig 1995 agus Uimh. 113 den 13 Feabhra 1996 maidir le staidéir/obair chomhairleoireachta do mo Roinnse agus do na hInstitiúidí a thagann díreach faoi mo chúram (i.e. Ard-Mhúsaem na hÉireann, an Leabharlann Náisiúnta agus an Chartlann Náisiúnta) sa tréimhse ó 16 Nollaig 1994. Taobh amuigh de na Staidéir a luaitear san freagraí sin, tá dhá ceann eile curtha i gcrích:

—Staidéar Deloitte & Touche, ar iarratas ón mheitheal oibre FORTE, maidir le cúrsaí cánach atá ábharthach don tionscal ceoil; agus

—Dréacht-Phlean Bainistíochta do Pháirc Náisiúnta na Boirinne, a rinne Brady Shipman Martin ar iarratas ón gCoiste Stiúrtha don Phlean.

Cé go bhfuil áthas orm eolas den chineál sin a sholáthar i ndáil le mo Roinn féin agus leis na hInstitiúidí a luaigh mé thuas, feictear dom nach mbeadh sé cuí an t-eolas céanna a lorg ó na heagraíochtaí Stáit faoi chúram mo Roinne-se ós rud é nach bhfuil feidhm agam i ngnáth-riarachán na n-eagraíochtaí sin ar bhonn laethúil.

Maidir le hábhair a cuireadh faoi bhráid grúpaí saineolaithe, dírím aird an Teachta arís ar an bhfreagra a thug mé ar Cheist Dála Uimh. 113 den 13 Feabhra 1996. Chomh maith leis na grúpaí a luaigh mé san fhreagra sin, tá a gcuid oibre curtha i gcrích ag dhá grúpa eile a bhí bunaithe agam:

—PIANO (Provisional and Institutional Arrangements Now for Orchestras and Ensembles) chun athbhreithniú a dhéanamh ar na struchtúir a bhaineann le léiriú ceoil chlasaicigh agus chomhaimseartha in Éirinn, agus béim á leagan ar cheol ceolfhoirne; agus

—an Grúpa Oibre chun athbhreithniú a dhéanamh ar na Coláistí Samhraidh Gaeilge.

Ní miste dom a lua freisin go bhfuil Grúpa Oibre Idir-Rannach ag feidhmiú faoi Chathaoirleacht mo Roinne maidir le foirgnimh atá liostáilte.

Top
Share