Cuireadh in iúl do Chomharchumann Forbartha Inis Mór nach n-íocfaí deontas reachtála leis i ndiaidh deireadh na bliana 1995 toisc nach rabhthas sásta go mbíonn forbairt an oileáin i gcoitinne á chur chun cinn go héifeachtach aige.
Bhuail mé le toscaireacht ón gcomharchumann ina dhiaidh sin agus, mar thoradh air sin, fuarthas plean oibre cúig bliana le fíordhéanaí a d'ullmhaigh an comharchumann i gcomhairle le coistí eile ar an oileán le hiarratas go níocfaí deontas reachtála i 1996.
Tá an cás á bhreithniú ag mo Roinnse faoi láthair agus bheinn ag súil leis go mbeidh ar mo chumas deontas reachtála méadaithe a cheadú le haghaidh 1996 go luath.