Tógfaidh mé Ceisteanna Uimh. 5, 12 agus 21 le chéile.
Toisc gur cosúil go bhfuil míthuiscint áirithe fos ann ba mhaith liom a dheimhniú do na Teachtaí agus don Teach seo uair amháin eile go bhfuil deontais feabhsúcháin tithíochta le fáil sa Ghaeltacht i gcónai. Tá deontais ar fáil d'oibreacha substaintiúla ar bhunchreatlach tithe — mar shampla díon nua, úrlár nó síleáil nua, athchóiriú ginearálta agus a leithéid. Chomh maith leis sin, tá deontais ar fáil i gcónai do shaoráidí sláintíochta nua cosúil le huisce, séarachas, seomra folchta agus freisin chun feabhsú a dhéanamh ar shean-chóras uisce no séarachais.
Níl san athrú a rinneadh le héifeacht ó 1 Eanáir 1996 ar dheontais feabhsúcháin tithíochta mo Roinne ach nach gcuirfear san áireamh feasta le haghaidh deontais oibreacha a bhaineann le hathnuachan: (a) fuinneoga agus dóirse seachtracha atá fabhtach agus (b) gáitéir, fánphiobáin, éadanchláir agus tairr. Déanfar eisceacht, afach, i gcás iarratasóirí atá ós cionn 66 bliain d'aois agus gur leo féin an teach lena mbaineann an t-iarratas.
Ní miste a mheabhrú arís gur chuir an Roinn Comhshaoil deireadh ar fad leis na deontais feabhsúcháin tithíochta a bhí ar fáil lasmuigh den Ghaeltacht agus sa Ghaeltacht féin d'iarratasóirí nach raibh cáilithe faoi Scéim mo Roinne-se — sa bhliain 1987. Ciallaíonn sé seo go raibh agus go bhfuil buntáiste mór ag Gaeilgeoirí sa Ghaeltacht — fiú leis na leasuithe a rinneadh ó 1 Eanáir seo caite — thar an chuid eile den tír. Bhí an deontas speisialta d'fhuinneoga agus dóirse amháin le fáil le breis is aon bhliain déag agus caithfidh go bhfuil a lán den obair is riachtanaí déanta faoin am seo. Tugadh deabhrú ar an Athló sa Teach seo ar 31 Eanáir 1996 gur mion leasuithe amháin atá déanta ar an Scéim feabhsúcháin tithíochta agus nach gcuirfidh siad isteach ró-mhór ar mhuintir na Gaeltachta. Is féidir liom an méid seo a rá futhu — níl tada iontu i gcomparáid leis an ngearradh siar tubaisteach ar na meastacháin tithíochta do 1995 a bhí aontaithe ag comhleacaithe an Teachta Ó Cuív agus an Teachta Ó Gallchóir i bhFianna Fáil nuair a bhíodar ag gníomhú mar Rialtas i mí na Samhna 1994. Bhi ceannaire reatha Fhianna Fáil ina Aire Airgeadais agus ina Aire Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta ag an am sin. Murach gur cuireadh an drochchinneadh sin ar ceal nuair a bunaíodh an Rialtas nua agus nuair a tháinig mé fhéin ar ais ní bheadh deontais feabhsúcháin tithíochta ar bith ar fáil ó mo Roinnse ag muintir na Gaeltachta inniu.
Meastar go mbeidh sabháil de thart ar £360,000 i gceist in aon bhliain amháin de bharr na leasuithe atá déanta i ndáil le deontais tithíochta de, ach ní shábhalfar an méid sin i 1996 toisc go bhfuil go leor iarratais idir lámha cheana féin den chineál atá i gceist sna leasuithe.
Maidir le Scéim na mBóithre Áise is suim theoranta airgid a bhíodh ag mo Roinnse le caitheamh ar bhóithre sa Ghaeltacht — rud a chiallaigh nach raibh ar a cumas freastal ach ar líon beag den iliomad iarratas ar chúnamh a fuarthas gach bliain. Bhí sé de nós thart ar 800 iarratas a fháil agus obair a dhéanamh ar thart ar 80. Anuraidh, cur i gcás, is soláthar de £250,000 a bhí ar fáil agus ní rabhthas ach in ann deontais a cheadú i leith thart ar 80 bóthar nó timpeall 10 faoin gcéad den 800 iarratas nó mar sin a fuarthas.
Faoi mar is eol do Theachtaí, níl soláthar i Vóta mo Roinne i mbliana le haghaidh caiteachas ar bhóithre Gaeltachta. Ar ndóigh, is ceist go príomha don Roinn Comhshaoil agus do na Comhairlí Contae iomchuí í staid na mbóithre sa Chaeltacht.
Nuair a bheidh cúrsaí níos soiléire thart lár na bliana seo maidir le caiteachas mo Roinne i 1996 ar Scéimeanna Feabhsucháin sa Ghaeltacht, breithneofar an scéal tuilleadh, i gcomhairle leis an Aire Airgeadais, féachaint an dtig linn soláthar éigin a chur ar fáil i mbliana chun bóithre aise agus bóithre portaigh sa Ghaeltacht a fheabhsú.