Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Tuesday, 2 Apr 1996

Vol. 463 No. 6

Written Answers. - Oispis na Gaillimhe.

Éamon Ó Cuív

Question:

125 D'fhiafraigh Éamon Ó Cuív den Aire Sláinte cén uair atá sé i gceist aige cuairt a thabhairt ar Oispis na Gaillimhe, agus cén uair atá sé i gceist aige cinneadh a dhéanamh maidir leis an iarratas ón Oispis ar chabhair airgid reatha don Oispis. [7066/96]

Limerick East): Chuir mé in iúl cheana féin go bhfuil sé de rún agam cuairt a thabhairt ar Oispis na Gaillimhe chomh luath agus is féidir de réir an sceidil imeachtaí atá romham.

Tá ráiteas polasaí faoi sheirbhisí um coireáil ailse á ullmhú faoi láthair sa Roinn agus beidh teirmheas ann ar an bpáirt atá á glacadh ag an seirbhís Oispise ar fud na tíre go háirithe maidir le hothair ailse. Déanfaidh an ráiteas moltaí le haghaidh forbairt na seirbhíse seo. Nuair atá na moltaí on ngrúpa teirmheasa ar fáil dom beidh mé in ann cinneadh a dhéanamh ar na réimsí is tábhachtaí atá le forbairt sa tseirbhís in iomlán. Beidh an cheist faoi airgid a sholáthar d'Oispis na Gaillimhe le scrúdú sa chomthéasc sin.
Top
Share