Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Tuesday, 2 Apr 1996

Vol. 463 No. 6

Written Answers. - Iarratas Seomra Breise.

Éamon Ó Cuív

Question:

187 D'fhiafraigh Éamon Ó Cuív den Aire Oideachais an bhfuil iarratas aici ó Scoil an Bhaile Nua, Maigh Cuilinn, Contae na Gaillimhe, le haghaidh seomra breise sa scoil; cén fad atá an t-iarratas sin aici agus cén uair a dheanfar cinneadh air; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [7065/96]

Fuair mo Roinn iarratas ó Scoil Bhaile Nua, Maigh Cuilinn, Contae na Gaillimhe le haghaidh seomra breise sa scoil, Chuir mo Roinn an t-iarratas chuig Oifig áitiúil na nOibreacha Poiblí le haghaidh tuairisce. Nuair a bheidh an tuairisc sin ar fáil, déanfar cinneadh ar an iarratas agus beidh mo Roinn i dteagmháil le húdaráis na scoile.

Top
Share