Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Tuesday, 2 Apr 1996

Vol. 463 No. 6

Written Answers. - Uimhreacha Dhéileala.

Éamon Ó Cuív

Question:

226 D'fhiafraigh Éamon Ó Cuív den Aire Dlí agus Cirt cén uair a lóisteáladh uimhir dhéileála 91GY05471 (Tagairt fólió FYL037023) agus uimhir dhéileála 91GY05483 (cuid d'fhóilió 37029); cén uair a chríochnófar na déileálacha ar na fóilionna seo; cén fáth a bhfuil moill leis an gclárú; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [7067/96]

Tá sé curtha in iúl dom ag Chláraitheoir na dTeideal go mbaineann na déiléalacha uimhreacha 91GY05481 agus 91GY05483 le iarratas faoi alt 49 (clárú teidil a fuarthas de dhroim seilbhe fada) den Acht um Chlárú Teidil, 1964. Tuigim go bhfuil ceisteanna curtha ar dhlíodóir an iarratasóra agus go bhfuiltear ag feitheamh ar fhreagraí. Instear dom gur cás an-chasta an cás seo, ina bhfuil ar an gCláraitheoir cumhacht breithiúnach a chomhlíonadh; i gcás mar seo, ní foláir an fhianaise tugha ag gach pháirtí a chur san áireamh.

Top
Share