Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Tuesday, 2 Apr 1996

Vol. 463 No. 6

Written Answers. - Coimisiún na Talún.

Éamon Ó Cuív

Question:

261 D'fhiafraigh Éamon Ó Cuív den Aire Talmhaíochta, Bia agus Foraoiseachta ar féidir talamh a roinnt mura bhfuil gach sealbhóir, ina úinéir cláraithe den Chimín, agus mura feidir, an bhfuil i gceist aige céimeanna a thógáil len é a dhéanamh níos easca do shealbhóirí talún talamh a fháil roinnte; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [7064/96]

Éamon Ó Cuív

Question:

262 D'fhiafraigh Éamon Ó Cuív den Aire Talmhaíochta, Bia agus Foraoiseachta céard é an polasaí atá ann maidir le coimín a roinnt, an bhfuil gá go mbeidh gach sealbhóir ina úinéir cláraithe do talamh sula ndéanfar cinneadh é a roinnt; agus cén uair a rinneadh é seo riachtanach maidir le roinnt coiníní. [7068/96]

Tá sé ar intinn agam Ceisteanna Uimh. 261 agus 262 a fhreagairt le chéile.

Chun é a chur ar chumas Coimisiún na Talún iarratais a phróiseáil chun címín a roinnt, is gá fianaise a thabhairt go bhfuil na scairsealbhóirí ina úinéirí cláraithe nó i mbun próiseas dleathach lena bheith mar úinéirí cláraithe de na scaireanna atá i gceist. Tagann sé seo ó choinníoll de Clárlann na Talún nach dtógfar Ordú Deighilt muna bhfuil na scairshealbhoirí ina úinéirí cláraithe.

Tugann Coimisiún na Talún cuidiú teicniúil agus dleathach saor in aisce do scairsealbhóirí atá ag iarraidh címín a roinnt. Nuair nach n-aontaíonn na scairsealbhoirí go léir, bíonn ar chumas Coimisiún na Talún roinnt éigeantach a chuir i gcríoch. Faoi láthair, tá an obair ar roinnt éigeantach címiní ar fionraí ag fanacht ar an toradh de achomharc faoi bhráid an Ard Cúirt faoi chas i gContae Maigh Eo.
Top
Share