Íocann mo Roinnse deontais reachtála agus deontais chaipitil le comharchumainn Ghaeltachta áirithe chun cuidiú leo forbairt na comharaíochta a chur chun cinn sa Ghaeltacht agus le go mbeidh siad in ann seirbhísí riachtanacha a eagrú dá muintir agus dul i mbun na Gaeilge a bhuanú ina gceantair fheidhme.
Bíonn cúnamh le fáil, chomh maith, ag comharchumainn Ghaeltachta — nó ag comhlachtaí faoina scáth — ó Údarás na Gaeltachta i leith tograí tionsclaíocha agus tograí gnó. Anuas ar sin bíonn an tUdarás ag plé leo maidir le forbairt pobail, turasóireacht, aerstráicí, seirbhísí, scéimeanna de chuid an Aontais Eorpaigh, scéimeanna de chuid FÁS agus mar sin de.
Ar mhaithe le dúbailt a sheachaint agus ar mhaithe le dea-riarachán is fearr cúram na gcomharchumann Gaeltachta a bheith ar eagraíocht amháin agus, ag cur cúinsí uile an cháis san áireamh, is ar an Údarás amháin is fearr an cúram a bheith seachas ar mo Roinnse. Bhí plé faoi seo idir ionadaithe ó mo Roinnse agus bainistíocht an Údaráis.
Tuigim nach bhfuil bainisteoirí comharchumann áirithe sásta lena bhfuil ar intinn agus tá cruinniú iarrtha acu leis an Roinn chun an cheist a phlé. Tá dáta le haghaidh cruinnithe á shocrú.