Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Wednesday, 8 May 1996

Vol. 465 No. 1

Written Answers. - Use of Irish Language.

Dan Wallace

Question:

28 Mr. D. Wallace asked the Minister for Arts, Culture and the Gaeltacht the main steps, if any, he is taking to reinvigorate the use of the Irish language in everyday life; and if he will make a statement on his precise goals in this regard. [9156/96]

Is í aidhm mo Roinne-se maidir le cur chun cinn na Gaeilge ná a húsáid a chothú agus a bhuanú sa Ghaeltacht agus a leathadh sa chuid eile den tír ar dhóigh an dátheangachais.

Aithnítear i gClár an Rialtais chun Athnuachana gur gá, má táthar chun úsáid na Gaeilge a leathnú, go mbraithfeadh an pobal go gcuirfí fáilte roimh aon saoránach a bheidh ag iarraidh gnó a dhéanamh leis an Státchóras trí mheán na Gaeilge. Tá feachtas ar siúl chun feabhas a chur ar sheirbhísí Stáit trí Ghaeilge sa Státchóras.

Is é Bord na Gaeilge an bord stáit a bunaíodh chun an Ghaeilge, agus go háirithe a húsáid mar theanga bheo agus mar ghnáthmheán cumarsáide, a chur chun cinn. Bíonn iarrachtaí leanúnacha ar siúl ag an mbord chun na críche sin. I measc na n-iarrachtaí sin tá an bord i mbun:

— monatóireacht ar chur i bhfeidhm threoirlínte an Rialtais i leith an dátheangachais;

— teagmhálacha leis an earnáil ghnó chun úsáid na Gaeilge a chur chun cinn san earnáil sin;
— úsáid na Gaeilge a chothú sna healaíona agus i bhforbairt phobail — mar shampla, Amharclann de hÍde agus Coillte Mach, an Baile Dátheangach; agus
— tacaíochta do thograí chun an Ghaeilge a chur chun cinn — ar nós Comórtas Ghlór na nGael, féilte agus ócáidí.
Chomh maith leis sin rinne an bord feachtas fograíochta meán cumarsáide a choimisiúnú dírithe ar úsáid na Gaeilge a mhéadú i bhFómhar na bliana seo caite — feachtas a mheastar go raibh toradh fónta air.
Is comhartha eile í de na hiarrachtaí atá ar bun chun úsáid na Gaeilge a leathnú ná bunú Theilifís na Gaeilge. Is fianaise í bunú na seirbhíse nua sin go n-aithníonn an Rialtas go bhfuil sé de cheart ag daoine, a roghnaíonn an Ghaeilge mar ghnáth-theanga laethúil, teacht a bheith acu, sa teanga sin, ar an earnáil chraoltóireachta theilifíse.
Top
Share