Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Wednesday, 22 May 1996

Vol. 465 No. 7

Written Answers. - Oifig Leasa Shóisialaigh.

Éamon Ó Cuív

Question:

21 D'fhiafraigh Éamon Ó Cuív den Aire Leasa Shóisialaigh an bhfuil sé i gceist aige oifig Leasa Shóisialaigh a oscailt i gCeathrú Rua, Contae na Gaillimhe, le freastal ar Ghaeltacht Chonamara. [10464/96]

Déanann mo Roinnse séirbhísí a sholáthar do mhuintir Chonamara ó na h-oifigí i nGaillimh, An Clochán agus Uachtar Ard. Go príomha, glactar le héilimh, agus déantar socruithe chun íocaíochtaí Sochar agus Chúnamh Dí-fhostaíochta a chur i bhfeidhm sna hoigfigí siúd. Lena chois sin, cuirtear séirbhísí eolais agus séirbhíse taca fostaíocthta ar fáil.

Go hiondúil, tugann cigire na Roinne cuairt ar theaghlach an éilitheora i gcás iarratas ar íocaíochtaí chúnaimh nó tugtar cuireadh chun agallaimh, d'fhonn achmhainn a mheasúnú.

Méadaíodh, le déanaí, líon na suíomhanna ina mbíonn séirbhísi mheasúnú ar ioncam ar fáil ar fud an chontae, trí chigirí a bheith ann go rialta in oifigí Bhoird Sláinte an Iarthair. Ó Eanáir na bliana seo, cuireadh an tséirbhís seo ar fáil, uair sa choicís, san Cheathrú Rua. Tá ag éirí go hanmhaith leis an socrú seo agus táthar ag súil líon na suíomhanna, máille le líon na laethanta a bhíonn an tseirbhís ar fáil, a fhorbairt, ag braith ar an éileamh agus costaisí a thabairt san áireamh.

Níl ar intinn agam, amh, oifig buan seasmhach a chur ar bun san Cheathrú Rua.

Top
Share