Togfaidh mé Ceisteanna Uimh. 19, 26, 37 agus 88 le chéile.
Tuigim ó RTE go bhfuil £14.54m caite acu i ndáil le Teilifís na Gaeilge go deireadh mí Aibreáin. Baineann thart ar £7.95m den tsuim sin le caiteachas caipitil — go príomha ar tharchuradóirí, ar nascanna agus ar an gceanncheathrú i mBaile na hAbhann. Baineann thart ar £6.59m le caiteachas reatha, i.e. cláir a choimisiúnú nó a cheannach, foireann agus costais riaracháin. Meastar go mbeidh an tseirbhís nua ar an aer faoi Oíche Shamhna 1996.
Beidh fhios ag Teachtaí go raibh gealltanais i gCláir an Rialtais seo agus an Rialtais dheiridh maidir le bunú Theilifís na Gaeilge mar chainéal náisiúnta ar leith. Beidh fhios ag Teachtaí freisin gurb é an costas caipitil measta don tseirbhís nua ná £16.1m agus go bhfuil socraithe, i gcomhréir le cinneadh an Rialtais den 20 Nollaig 1995, go gcuirfí soláthar de £10m in aghaidh na bliana ar fáil ón Státchiste ar bhonn leanúnach i leith costas reatha na seirbhíse nua. Mar a cuireadh in iúl go minic cheana féin, cuirfidh RTE uair an chloig amháin de chláir in aghaidh an lae ar fáil saor in aisce do Theilifís na Gaeilge. Is ceist do RTE féin, i gcomhairle le Comhairle Theilifís na Gaeilge, cén costas a bhainfidh leis an ngné sin den scéal.
Is ceist do Theilifís na Gaeilge féin an méid fógraíochta a ghnóthóidh sí.
Faoi mar a cuireadh in iúl cheana féin i i bhfreagraí a tugadh ar Cheisteanna sa Teach seo, tá RTE freagrach as bunú agus feidhmiú tosaigh an stáisiúin go dtí go mbeidh struchtúr reachtúil ar leith bunaithe do Theilifís na Gaeilge. Tá súil agam na moltaí reachtúla riachtanacha a chur i láthair an Rialtais i rith na bliana mar chuid de mo bheartas i ndáil le reachtaíocht craolacháin nua a eascró- idh ón bPáipéar Glas ar thodhchaí na craoltóireachta. Is ar éigin go mbeidh na moltaí sin curtha i bhfeidhm sula dtiocfaidh an stáisiún nua ar an aer.
Faoi mar a bhí i gceist sa chomhaontú polasaí dar teideal "Rialtas chun Athnuachana", beifear in ann an bunstruchtúr craolacháin a úsáid ar mhaithe le cuspóirí seirbhíse poiblí eile cosúil le cianoideachas nó craoltóireacht bhreise ón Oireachtas.
Beidh fhios ag Teachtaí gur tugadh le fios ag an am a cuireadh cinneadh an Rialtais den 20 Nollaig 1995 maidir le costas agus cistíócht do Theilifís na Gaeilge in iúl d'Údarás RTE agus do Chomhairle Théilifís na Gaeilge, go bhféadfadh an Chomhairle, i gcomhairle le hÚdarás RTE, moltaí a dhéanamh maidir le húsáid an líonra craolta nuair nach mbeadh sé ag teastáil ó Theilifís na Gaeilge d'fhonn maoiniú, nach ón Státchiste é, a ghiniúint don tseirbhís nua.
Go dtí go mbunófar struchtúr reachtúil ar leith do Theilifís na Gaeilge, ní mór go mbeadh moltaí dá leithéid d'úsáid an líonra craolta i gcomhréir le forálacha na nAchtanna um Údarás Craolacháin, 1960 go 1993, agus faoi ollsmacht eagarthóireachta Údarás RTE. Níl moltaí dá leithéid faighte go dáta.