Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Wednesday, 12 Jun 1996

Vol. 466 No. 7

Written Answers. - Stádas Na Gaeilge.

Micheál Martin

Question:

22 D'fhiafraigh Mr. Martin den Aire Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta an ngeallfaidh sé go n-iarrfar stádas oifigiúil don Ghaeilge san Aontas Eorpach i rith thréimhse Uachtaránachta na hÉireann i mbliana; agus go lorgófar lántacaíocht don éileamh náisiúnta sin. [12100/96]

Mary Harney

Question:

24 D'fhiafraigh Miss Harney den Aire Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta an bhfuil sé i gceist aige stádas na Gaeilge san Aontas Eorpach a chur ar an gclár le linn don Rialtas a bheith san Uachtaránacht ó Mheitheamh go mí na Nollag, 1996; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [9064/96]

Micheál Martin

Question:

80 D'fhiafraigh Mr. Martin den Aire Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta an ngeallfaidh sé go n-iarrfar stádas oifigiúil don Ghaeilge san Aontas Eorpach i rith thréimhse Uachtaránachta na hÉireann i mbliana agus go lorgófar lántacaíocht don éileamh náisiúnta sin; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [9342/96]

Robert Molloy

Question:

93 D'fhiafraigh Mr. Molloy den Aire Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta an bhfuil cinneadh glactha ag an Rialtas iarratas le haghaidh stádais oifigiúil don Ghaeilge san Aontas Eorpach a chur ar an gclár le linn Uachtaránacht na hÉireann ar an Aontas Eorpach, Meitheamh go dtí mí na Nollag 1996; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [12217/96]

Tógfaidh mé Ceist Tosaíochta Uimh. 22, Ceist Uimh. 24 agus Ceisteanna Scríofa Uimh. 80 agus 93 le chéile.

Faoi mar a dúirt mé i bhfreagra a thug mé sa Teach seo ar Cheist Uimh. 107 ar 30 Aibreán, is faoi réir na tagairte do chóras na dteangacha san Aontas Eorpach i mír 3.209 den Pháipéar Bán um Bheartas Eachtrach a foilsíodh le déanaí a ghlacfar le deis oiriúnach chun stádas na Gaeilge a chur chun cinn san Aontas Eorpach.

Top
Share