Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Wednesday, 12 Jun 1996

Vol. 466 No. 7

Written Answers. - Úsáid na Gaeilge.

Michael McDowell

Question:

32 D'fhiafraigh Mr. M. McDowell den Aire Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta an bhfuil aon staidéar déanta ag a Roinn ar úsáid na Gaeilge i dTithe an Oireachtais; má tá, an gcuirfidh sé toradh an staidéir ar fáil; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [12200/96]

Níl staidéar dá leithéid déanta ag mo Roinnse. Is gnó é do Chomhchoiste Oireachtais don Ghaeilge faoi réir a gcuid Orduithe Tagartha athbhreithniú agus moltaí a dhéanamh ó am go ham i dtaobh úsáid na Gaeilge a leathadh in imeachtaí na Dála agus an tSeanaid agus i dtimpeallacht an dá Theach agus tuarascáil a thabhairt don dá Theach uair amháin ar a laghad in aghaidh na bliana ar ghnéithe den ní sin.

Top
Share