Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Wednesday, 12 Jun 1996

Vol. 466 No. 7

Written Answers. - Turasóireacht Gaeltachta.

Robert Molloy

Question:

39 D'fhiafraigh Mr. Molloy den Aire Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta cén dáta ar socraíodh an ról aontaithe d'Údarás na Gaeltachta i dtaca le forbairt na turasóireachta sa Ghaeltacht; cén t-airgeadas atá curtha ar fáil d'Údarás na Gaeltachta chun cabhrú leo an ról nua sin a fheidhmiú; an gcuirfidh sé na sonraí in iúl faoi na scéimeanna nua le haghaidh fhorbairt na turasóireachta atá á gcur chun cinn ag Údarás na Gaeltachta agus leibhéal na ndeontas atá ar fáil; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [12198/96]

Le litir an 7 Nollaig 1995 ón Roinn toilíodh le ról teoranta d'Údarás na Gaeltachta i dtaca le forbairt thionscal na turasóireachta sa Ghaeltacht.

Cuirfear sonraí faoin ról sin ar fáil sa Tuairisc Oifigiúil — sonraí atá tugtha agam cheana féin don Teachta ar iarratas uaidh.

Níl airgead ar leith curtha ar fáil don Údarás le haghaidh cúrsaí turasóireachta agus tuigim nach bhfuil ciste ar leith leagtha síos ag an Údarás féin don ghnó. Is amhlaidh a fheidhmeoidh an tÚdarás i dtaca le turasóireacht laistigh dá scéimeanna údaraithe agus ar scála teoranta laistigh dá sholáthar iomlán airgeadais.

Top
Share