Robert Molloy
Question:43 D'fhiafraigh Mr. Molloy den Aire Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta an ainmneoidh sé na monarchana nua a bunaíodh i nGaeltacht na Gaillimhe i 1995 agus a bhfuil níos mó ná 25 duine fostaithe iontu. [12201/96]
Vol. 466 No. 7
43 D'fhiafraigh Mr. Molloy den Aire Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta an ainmneoidh sé na monarchana nua a bunaíodh i nGaeltacht na Gaillimhe i 1995 agus a bhfuil níos mó ná 25 duine fostaithe iontu. [12201/96]
Tuigim ó Údarás na Gaeltachta gurb é a dtaithí ná go gcruthaítear an chuid is mó den fhostaíocht le cúnamh uatha i dtionscail bheaga ina bhfuil níos lua ná 25 dhuine fostaithe. Mar shampla, ag deireadh 1995, as beagnach 300 gnóthas a raibh fostaíocht lánaimseartha iontu i nGaeltacht na Gaillimhe ní raibh ach 19 díobh ina raibh fostaíocht lánaimseartha de níos mó ná 25 dhuine iontu. Ní haon ionadh é mar sin nach raibh aon ghnóthas a bunaíodh i nGaeltacht na Gaillimhe i 1995 le cúnamh ón Údarás a raibh fostaíocht lánaimseartha de bhreis ar 25 dhuine ann ag deireadh 1995.
Ar ndóigh is beag gnóthas nua a bhunófaí in aon bhliain ar leith a mbeadh fostaíocht de bhreis ar 25 dhuine bainte amach aige i mbliain a bhunaithe.
Níor mhiste a lua freisin go raibh fostaíocht lánaimseartha de 2,163 dhuine ag deireadh 1995 i dtionscail i nGaeltacht na Gaillimhe a fuair cúnamh ón Údarás i gcomparáid le 2,023 dhuine ag deireadh 1994.