Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Wednesday, 12 Jun 1996

Vol. 466 No. 7

Written Answers. - Mionteangacha San Eoraip.

Micheál Martin

Question:

48 D'fhiafraigh Mr. Martin den Aire Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta an bhfuil aon phlean speisialta aige chun cás na mionteangacha san Eoraip a chur chun cinn i rith Uachtaránacht na hÉorpa go dtí deireadh na bliana seo. [12202/96]

Cé go dtugann mo Roinnse deontas bliantúil (£37,000 i mbliana) don Oifig Eorpach do Theangacha Neamhfhorleathana, a bhfuil a ceannoifig i mBaile Átha Cliath mar chabhair i leith costais riaracháin níl freagracht uirthi maidir le cur chun cinn na mionteangacha i gcoittinne san Eoraip. Ar ndóigh glacfaidh mé le haon deis iomchuí chun stádas, na Gaeilge san Aontas Eorpach a bhrú ar aghaidh. I dtaca leis sin de dírim aird an Teachta ar an bhfreagra a thug mé inniu ar Cheisteanna Dála Uimhreacha 22, 24, 80 agus 93.

Top
Share