Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Wednesday, 12 Jun 1996

Vol. 466 No. 7

Written Answers. - Fógra sa Ghaillimh.

Robert Molloy

Question:

82 D'fhiafraigh Mr. Molloy den Aire Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta cén dul chun cinn atá déanta leis an togra dar teideal Gaillimh/Galway Irish World Centre; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [9062/96]

De thoradh moltaí ón gCoiste Comhairleach a bunaíodh chuige sin, tá cinneadh i bprionsabal déanta cúnamh a chur ar fáil d'ocht dtogra faoin gcéad chéim den phróiséas measúnachta den Scéim Dreasachtaí Forbartha Cultúrtha 1994-1999.

Tá moltaí i ndáil leis na hiarratais eile a fuarthas curtha faoi mo bhráid le déanaí ag an gCoiste Comhairleach agus táim ag déanamh scrúdú críochnaitheach anois orthu. Tá súil agam bheith in ann cinnithe deimhneacha a dhéanamh sna cásanna gan ró-mhoill. Déanfar cinneadh faoin iarratas ó Ghaillimh le Gaeilge — atá mar ábhar na ceiste parlaiminte seo — le linn an phróiséis seo.

Top
Share