Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Wednesday, 12 Jun 1996

Vol. 466 No. 7

Written Answers. - Comhlachtaí Easpórtála Gaeltachta.

Robert Molloy

Question:

91 D'fhiafraigh Mr. Molloy den Aire Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta an bhfuil aon staidéar déanta ar na deacrachtaí atá á bhfulaingt ag na comhlachtaí easpórtála Gaeltachta de bharr ardú luach an phuint Éireannaigh in aghaidh an phuint steirling; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [12215/96]

Níl staidéar ar leith déanta ar thionchar luach an phuint Éireannaigh in aghaidh an phuint sterling ó thaobh comhlachtaí Gaeltachta atá ag easportáil.

Go ginearálta baineann an fhadhb chéanna le comhlachtaí Gaeltachta agus a bhaineann le comhlachtaí eile sa tír maidir le luach an phuint Éireannaigh in aghaidh an phuint sterling.

Tá cuid de na comhlachtaí Gaeltachta ag feidhmiú go sásúil i margaí easpórtála ach aithnítear go bhfuil deacrachtaí ag cúpla earnáil thraidisiúnta — go háirithe na hearnálacha teicstíle agus éadaí.

Top
Share