Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Wednesday, 12 Jun 1996

Vol. 466 No. 7

Written Answers. - Tionscnaimh Ghaeltachta.

Robert Molloy

Question:

94 D'fhiafraigh Mr. Molloy den Aire Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta an bhfuil aon staidéar déanta ar éifeacht na Cánach Corparáidí Ráta Speisialta 10 faoin gcéad le haghaidh déantóireachta chun tionscnaimh nua a mhealladh chuig na Gaeltachta; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [12218/96]

Ní dhearnadh staidéar ar leith ar éifeacht na cánach corparáideach 10 faoin gcéad ó thaobh na Gaeltachta de.

Tá na buntáistí céanna ann do chomhlachtaí Gaeltachta agus atá do chomhlachtaí sa chuid eile den tír maidir le tionsclóirí a ghríosú chun tionscail a bhunú chomh fada is a bhaineann an scéal leis an gcáin chorparáideach 10 faoin gcéad.

Top
Share