Éamon Ó Cuív
Question:110 D'fhiafraigh Éamon Ó Cuív den Aire Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta cén fáth nach bhfuil sé sásta glacadh le hUimhir Pinsin neamh-ranníocaigh ó phinsinéirí agus ó bhaintreacha in ionad Uimhir RSI ar iarratais ar Dheontais Tithíochta Gaeltachta, mar a dhéanann an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Foraoiseachta; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [14737/96]