Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Thursday, 25 Jul 1996

Vol. 468 No. 4

Written Answers. - Reachhtú um Chiontaí in Aghaidh an Stáit.

Éamon Ó Cuív

Question:

594 D'fhiafraigh Éamon Ó Cuív den Aire Dlí agus Cirt cén líon daoine ar eisíodh barántais chuardaigh ina leith faoi alt 29 den Acht um Chiontaí in Aghaidh an Stáit chun a gcuid tithe a chuardach i gContae na Gaillimhe le mí anuas; cén bonn ar ar eisíodh na barántais sin agus cé air a raibh an t-amhras bunaithe go raibh rudaí á gcoinneáil acu go mídhleathach; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [15354/96]

Éamon Ó Cuív

Question:

595 D'fhiafraigh Éamon Ó Cuív den Aire Dlí agus Cirt an dtabharfaidh sí ainmneacha agus seoltaí na ndaoine ar eisíodh barántais chuardaigh ina leith faoi alt 29 den Acht um Chiontaí in Aghaidh an Stáit i gContae na Gaillimhe le mí anuas. [15355/96]

Tóghfaidh me Ceisteanna Uimh. 594 agus 595 le chéile.

Tuigtear ó Údaráis an Gharda Síochána gur eisíodh barántais chuardaigh faoin alt úd i leith 54 áitribh i gContae na Gaillimhe idir 29 Meitheamh agus 19 Iúil, 1996. De réir an ailt, féadfaidh comhalta den Gharda Síochána, nach ísle céim ná Ceannfort, barántas a eisiúint más deimhin leis go bhfuil cúis réasúnach ann chun a chreidiúint go bhfuil fianaise ar chionta áirithe nó i dtaobh cionta áirithe ar fáil in aon áit atá ainmnithe sa bharántas. Níl sé mar chleachtadh ag na Garda faisnéis a thabhairt ar an mbonn ar eisíodh barántas cuardaigh ná ar ainm ná ar sheoladh aon duine atá ainmnithe i mbarántas.

Top
Share