Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Thursday, 25 Jul 1996

Vol. 468 No. 4

Written Answers. - Aitheantas Gaelscoil.

Éamon Ó Cuív

Question:

43 D'fhiafraigh Éamon Ó Cuív den den Tánaiste agus Aire Gnóthaí Eachtracha ar thóg sé an cheist maidir le haitheantas do Ghaelscoil an Iúir in Iúr Chinn Trá. Condae an Dúin, le Rialtas na Breataine agus ar mhínigh Rialtas na Breataine cén fáth nach bhfuil siad sásta aitheantas a thabhairt don scoil seo ó tharla go mbeidh 53 scoláire ar an rolla i mí Meán Fómhair 1996; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [15119/96]

Le blianta beaga anuas tá ceist na nGaelscoileanna i gcoitinne i dTuaisceart Éireann pléite go rialta i gcomhthéacs an Chomhaontuithe Angla-Éireannaigh. Cé go bhfuil dul chun cinn suntasach déanta tá fadhbanna fós le réiteach chun go mbeadh an tacaíocht is cuí ag an nGaelscoilíocht. Ceann des na fadhbanna is práinní ag an am seo ná stádas Bhunscoil an Iúir. Ar na mallaibh ag cruinniú den Chomhdháil Angla-Éireannach leag mé béim speisialta ar an scoil seo agus d'iarr mé ar an Aire Ancram féachaint go dearfach ar an gcás.

Diúltaíodh aitheantas an bhliain seo caite toisc nach raibh an scoil, dar leis na hÚdaráis ó thuaidh, ag comhlíonadh na gcritéar maidir le clárú scoláirí nua agus líon na bpáistí san iomlán sa scoil. Tá iarratas nua ag lorg aitheantais curtha faoi bhráid na nUdarás ag bainistíocht na scoile le déanaí agus níl cinneadh tógtha go fóill sa chás. Tá súil agam go mbeifear in ann aitheantas agus lánmhaoiniú a thabhairt don scoil an babhta seo.
Top
Share