Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Wednesday, 2 Oct 1996

Vol. 469 No. 3

Written Answers. - Seirbhís Bus Scoile.

Éamon Ó Cuív

Question:

136 D'fhiafraigh Éamon Ó Cuív den Aire Oideachais an bhfuil sí sásta seirbhís bus scoile a chur ar fáil do suas le ocht ngasúr déag ó Cheantar Chill Chiaráin le freastal ar Scoil na bPiarsach Ros Muc ó tharla gurb é seo rogha na dtuismitheoirí as an gCeantar; go bhféadfaí an tseirbhís a chur ar fáil ar bheagán costais; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [17353/96]

Ba mhian liom a chur in iúl don Teachta gur lorg mo Roinn sonraí i leith na nocht ndálta déag áirithe. A luaithe is a fhaightear ainmneacha agus seoltaí na ndaltaí céanna, déanfaidh mo Roinn iniúchadh ar an gceist agus cuirfear an toradh in iúl don Teachta.

Top
Share