Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Wednesday, 2 Oct 1996

Vol. 469 No. 3

Written Answers. - Rialacha do Scoileanna Náisiúnta.

Éamon Ó Cuív

Question:

137 D'fhiafraigh Éamon Ó Cuív den Aire Oideachais an bhfuil rialacha na Roinne Oideachais á sárú i Scoil an Chnoic, Leitir Mealláin, Contae na Gaillimhe, ó tharla go bhfuil naoi ngasúr déag á dteagasc i seomra atá róbheag don líon sin scoláirí; má tá, céard atá i gceist aici a dhéanamh le déanamh cinnte go mbeidh údaráis na scoile in ann an scoil a rith de réir na rialachaí; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [17354/96]

Is é Riail 31 de na Rialacha do Scoileanna Náisiúnta a shonraíonn an méid spáis ba chóir a chur ar fáil do gach dalta i scoil náisiúnta, Is féidir a dheimhniú don Teachta nach bhfuil an Riail sin á sárú i Scoil an Chnoic, Leitir Mealláin.

I gcás scoileanna a tógadh tar éis fhoilsiú an eagráin is déanaí de na Rialacha do Scoileanna Náisiúnta i mí Eanáir, 1965, ba cheart go mbeadh 15 troigh cheárnach de spás ag gach dalta. I gcás scoileanna a tógadh roimh 1965, ba chóir go mbeadh 11 troigh cheárnach de spás ag gach dalta. Tógadh Scoil an Chnoic, Leitir Mealláin, roimh 1965. Tuigim go bhfuil 19 dalta ar rollaí na scoile agus, mar sin, tá 13 troigh cheárnach de spás ag gach dalta sa scoil ar an meán.
Top
Share