Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Tuesday, 8 Oct 1996

Vol. 469 No. 5

Written Answers. - Ionad Oideachais.

Éamon Ó Cuív

Question:

172 D'fhiafraigh Éamon Ó Cuív den Aire Oideachais an bhfuil sé i gceist aici stiúrthóir lánaimseartha a cheapadh ar Ionad na Múinteoirí i nGaillimh; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [17898/96]

Tá athbhreithniú á dhéanamh agam fós ar fhorbairt na n-ionad oideachais agus tá súil agam go mbeidh mé in ann ráiteas a dhéanamh sa scéal go luath. Tá an cheist faoi athrú stádais d'aon ionad oideachais mar chuid den athbhreithniú.

Beidh suim ag an Teachta a fháil amach go bhfuil an tAonad Forbartha Ionghairme im Roinn tar éis airgead a cheadú do chúrsaí faoi chláracha inseirbhíse náisiúnta agus áitiúla atá á n-eagrú ag Ionad Oideachais na Gaillimhe le linn na scoilbhlianta 1995-96 agus 1996-97.

Top
Share