Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Tuesday, 8 Oct 1996

Vol. 469 No. 5

Written Answers. - Saoráidí Calaíochta Piara an Rannaigh (Dún na nGall).

Pat the Cope Gallagher

Question:

50 D'fhiafraigh Mr. Gallagher (Donegal South-West) den Aire Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta cad é an scéal is déanaí faoi na saoráidí calaíochta ag Piara an Rannaigh, Athphort, Árainn Mhóir, Contae Dhún na nGall; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [17370/96]

Faoi mar a cuireadh in iúl Teachta mar fhreagra ar Cheist Uimh. 30 uaidh ar 14 Feabhra tá iarrtha ag mo Roinnse ar Roinn na Mara tuarascáil innealtóireachta agus meastachán costais a chur ar fáil i dtaca leis na hoibreacha feabhsúcháin atá de dhíth ag Piara an Rannaigh, Athphort, Árainn Mhór.

Tá gach iarracht á déanamh ag mo Roinnse chun an tuarascáil a fháil ó Roinn na Mara agus déanfar an cás a mheas nuair a gheofar í.
Top
Share