Ar an gcéad dul síos is mian liom a rá go soiléir nár dhiúltaigh mé deontas a chur ar fáil mar chabhair chun oibreacha deisiúcháin a chur i gcrích ag Cé Chill Mhuirbhí.
Faoi mar a cuireadh in iúl don Teach mar fhreagra ar Cheist Uimh. 76 ar 13 Márta tá tuarascáil innealtóireachta agus meastachán costais a fuarthas ó Roinn na Mara i dtaca leis an bpiara ag Cill Mhuirbhí a dheisiú agus a shíneadh mar aon le tuarascáil innealtóireachta a fuarthas ó Chomharchumann Aonghusa Teoranta maidir leis an gcé a fhorbairt á meas i gcónaí ag my Roinnse.
Tá soláthar substantiúil de £2.35 milliún ar fáil do mo Roinnse i mbliana chun saoráidí calaíochta sa Ghaeltacht a fheabhsú agus a dheisiú ach tá an soláthar sin geallta do thograí muiroibreacha eile cheana féin (an mhórscéim mhuiroibreacha ar Inis Meáin agus Inis Oírr atá á críochnú i mbliana ar chostas iomlán de £4.7 milliún ina measc).
Maidir leis na saoráidí calaíochta i gcoitinne ar Inis Mór, tuigfidh an Teachta nach féidir airgead a chur ar fáil chun iad uile a fheabhsú ag an am céanna. Ba chabhair é dá mbeadh aontú ar an oileán maidir leis an togra gur cheart tosú leis.