Glacaim leis gurb é atá i gceist ag an Teachta ná Bille Teanga a bheadh dírithe ar chearta teanga lucht úsáidte na Gaeilge a chosaint.
Faoi mar a chuir mé in iúl don Teachta mar fhreagra ar Cheist Uimh. 38 ar 28 Samhain 1995 uaidh tá sé mar chuid thábhachtach de Chlár an Rialtais chun Athnuachana go leanfar le bearta a chur i gcrích, trí chláracha gníomhaíochta Ranna Rialtais agus eagras Stáit, le feabhas a chur ar an bhfáil, i gcoitinne agus go háirithe do mhuintir na Gaeltachta, ar sheirbhísí Stáit trí Ghaeilge agus go dátheangach.
Tá sé de cheart ag saoránaigh gnó a dhéanamh le h-eagrais Stáit trí Ghaeilge nó trí Bhéarla de réir mar a roghnaíonn siad. Ní mór go mbeadh seirbhísí á dtairiscint agus ar fáil gan cheist i nGaeilge chomh maith le Béarla agus go bhfeicfeadh an pobal go bhfuil fáilte roimh aon saoránach a roghnaíonn gnó a dhéanamh trí Ghaeilge.