Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Tuesday, 8 Oct 1996

Vol. 469 No. 5

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Scéim na mBóithre Áise.

Éamon Ó Cuív

Question:

39 D'fhiafraigh Éamon Ó Cuív den Aire Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta cén uair a dhéanfar cinneadh ar na hiarratais atá faighte ag an Roinn faoi Scéim na mBóithre Áise; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [16458/96]

Pat the Cope Gallagher

Question:

62 D'fhiafraigh Mr. Gallagher (Donegal South West) den Aire Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta an bhfuil plean aige deontais a chur ar fáil le bóithre a chóiriú in áiteanna ina bhfuil daoine cithréimeacha ina gcónaí; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [17369/96]

Michael McDowell

Question:

65 D'fhiafraigh Mr. M. McDowell den Aire Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta an gcuirfeadh sé in iúl an bhfuil athbhreithniú scéim na mboithre áise críochnaithe fós aige; cén cinneadh atá déanta faoi thodhchaí na scéime seo; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [17404/96]

Tógfaidh mé Ceisteanna 39, 62 agus 65 le chéile.

Faoi mar a cuireadh in iúl don Teach mar fhreagra ar Cheist Uimh 12 ar 14 Márta, ar Cheisteanna Uimh. 23 agus 28 ar 12 Meitheamh, ar Cheisteanna Uimh. 166 agus 167 ar 18 Meitheamh agus ar Cheist Uimh 291 ar 25 Iúil 1996, níl soláthar i Vóta mo Roinne i mbliana le haghaidh caiteachais ar bhóithre sa Ghaeltacht. Ar ndóigh, is ceist go príomha don Roinn Comhshaoil agus do na Comhairlí Contae iomchuí í staid na mbóithre sa Ghaeltacht.

Gheall mé níos luaithe i mbliana go mbreithneofaí an scéal tuilleadh, i gcomhairle leis an Aire Airgeadais, féachaint an dtig linn soláthar éigin a chur ar fáil i mbliana chun bóithre áise agus bóithre portaigh sa Ghaeltacht a fheabhsú nuair a bheadh cúrsaí níos soiléire maidir le caiteachas mo Roinne i 1996 ar Scéimeanna Feabhsúcháin sa Ghaeltacht.

Mar thoradh ar an mbreithniú sin, meastar go gcaithfear ina iomlán, ar thograí atá ceadaithe cheana féin, an soláthar méadaithe atá ar fáil i mbliana le caitheamh ar Scéimeanna Feabhsúcháin sa Ghaeltacht. Mar sin ní bheidh airgead ar fáil i mbliana ó mo Roinnse le caitheamh ar bhóithre sa Ghaeltacht.

Coimeádfar an cheist faoi bhreithniú i gcónaí féachaint an mbeidh athrú ar an scéal idir seo agus deireadh na bliana.

Tá an-diomá orm, a Leas-Cheann Comhairle, tar éis an méid seo ama go bhfuil muid ar deireadh ag fáil fírinne an scéil seo: nach mbeidh airgead ar fáil do bhóithre áise i 1996 ón Aire. Cuireann sé iontas orm freisin agus an bhféadfadh an tAire a dheimhniú gur iarradh ar na Comhairlí Contae i lár an tsamhraidh moltaí a chur ar aghaidh ag an Roinn maidir le caiteachas airgid ar bhóithre áise i mbliana agus má iarradh an teolas sin cén fáth ar iarradh é muna raibh airgead a dhul a bheith ar fáil? Nó an iarracht a bhí ann muintir na Gaeltachta a chur amú uair amháin eile?

An bhféadfadh an tAire a rá liom freisin cé mhéad iarratas atá faighte ag a Roinn i mbliana fé Scéim na mBóithre Áise 1996? An bhfuil an Roinn fós ag glacadh iarratais ina leith?

Táim ag ullmhú meastachán don bhliain seo chughainn agus beidh mé ag déanamh iarracht freastal ar na riachtanais atá ann i leith bóithre áise agus bóithre portaigh. An rud a bhí uaim nuair a rinne mo Roinn teangmháil leis na húdaráis áitiúla ná fáil amach céard go beacht an riachtanas a bhí ann le scéim cheart a chumadh.

Rud eile atá tábhachtach ná go ndearna mé féin leasú ar an scéim a bhí ann. Chun an gné polaitiúil a thógaint as, bhí gá le hairgead do ghnéithe eile de chursaí feabhsúcháin ach é sin ráite táim ag ullmhú na figiúirí chun freastal ar na riachtanais chearta atá ann, b'fhéidir. Agus tá riachtanais ann. Má táthar chun é sin a dhéanamh caithfear dul i gcomhairle le húdaráis eile, na comhairlí contae san áireamh.

Nuair a chuathas i gcomhairle leis na comhairlí contae, an ndearna sé soiléir dóibh gur ag caint ar 1997 a bhí an tAire, seachas ar 1996? Ar ndóigh, tá seans maith ann go mbeidh cuid de na bóithre a bhí luaite ag na comhairlí contae déanta taca an ama seo arís agus tar éis an chaoi ar caitheadh leo i mbliana, níl aon chomhairle contae chun a dhul sa tseans san earrach go mbeidh nó nach mbeidh airgead ar fáil do bhóithre áise an bhliain seo chugainn. Ní dóigh liomsa gur leithscéal é sin.

Níor fhreagair an tAire an dara ceist a chuir mé. Cé mhéad iarratas atá faighte ag a Roinn ó thús na bliana seo ó mhuintir na Gaeltachta faoi Scéim na mBóithre Áise? Más faoi oifigigh na gcomhairlí contae atá sé liosta a réiteach cén fáth a bhfuiltear ag scaipeadh foirmeacha iarratais ar phobal na Gaeltachta? Cén túdar atá leis seo?

Ní dúirt mé go raibh cinneadh déanta go mbeadh comhairlí contae ag freastal ar aon iarratais do mo Roinnse. Is féidir liom na figiúirí maidir leis na hiarratais a tháinig isteach a chur chugat agus déanfaidh mé sin. Luafaidh mé na contaethe éagsúla ónar tháinig na hiarratais.

Maidir leis an teangmháil a bhí agam leis na comhairlí contae, ní raibh aon chinneadh tógtha ag an am, mar a luaigh me sa bhfreagra, nach mbeadh airgead ar fáil an bhliain seo. Má tá an scéim chun teacht ar ais, caithfear é a reachtáil i gcomhpháirtíocht leis na húdaráis áitiúla agus na húdaráis eile ar bhealach. Tá sé tábhachtach go mbeadh aon scéim a bheadh ann rísoiléir ó thaobh na riachtanas agus próiseáladh na niarratas.

An nglacann an tAire leis go bhfuil géarghá le Scéim na mBóithre Áise a bheith ar fáil do mhuintir na Gaeltachta ionas go mbeidh seans éigin acu a gcuid drochbhóithre a dheisiú go tapa? Tuigeann an tAire go raibh mé ag gearán faoin seanscéim agus go raibh gá lena leasú. Ach seachas é a leasú, is éard a rinne an tAire ná an scéim a chur ar ceal ar fad. Chuir sé sin ionadh ar gach éinne agus glacann an tAire leis go ndúirt sé sa Dáil agus in áiteanna eile go raibh sé chun an cás a athbhreithniú. Bhí an Teachta Ó Cuív agus mé féin ag iarraidh fáil amach uaidh cad é todhchaí na scéime seo. An bhfuil sé i gceist é a athbhunú i mbliana mar d'fhéadfaí an chiall sin a ghlacadh ón méid a bhí le rá ag an Aire? An bhfuil sé ag rá go cinnte go mbeidh sé ann an bhliain seo chugainn? Agus an gcuirfidh sé in iúl don Teach go speisialta cad iad na rialacha nua a bheidh i bhfeidhm ionas go mbeidh chuile dhuine in ann a fheiceáil conas mar a roghnaigh an Roinn iarratas amháin thar iarratas eile?

An rud a tharla ná go ndúirt mé sa Teach go ndéanfainn athbhreithniú ar an scéal i lár na bliana féachaint an raibh sábháil ann in áiteacha eile a fhéadfainn caitheamh ar scéim chuí. Glacaim leis go bhfuil riachtanais ann ach caithfidh mise mar Aire na riachtanais sin a chur i gcomhthéacs riachtanais eile agus chomh maith leis sin i gcomhthéacs na straitéise ó thaobh caiteachais phoiblí de.

An deacracht a bhíonn agam go minic ná ar tráthnóna mar seo bíonn na Teachtaí ag iarraidh orm an tam go léir airgead a chaitheamh. Bíonn siad sa tarna binse uaireanta eile ag éileamh ciorraithe ón rialtas ó thaobh caiteachais phoiblí dhe. Caithfidh siadsan a naigne a dhéanamh suas maidir le straitéis caiteachais phoiblí agus a bheith ionraic faoi. Ná bídís ag caint go dátheangach ar bhealach speisialta.

An mbeidh an scéim ann i 1997? Táim ag obair ar scéim agus beidh mé ag iarraidh airgid di. Tiocfaidh an freagra i gcomhthéacs cúrsaí airgeadais na tíre seo agus ar ndóigh roimhe sin déanfar ionsaí fíochmhar eile orainn ag rá go bhfuilimid ag caitheamh i bhfad níos mó airgid ná mar ba chóir.

Chuir freagra an Aire ionadh orm: é ag caitheamh an cheist seo isteach i lár cheist mhór caiteachais an Stáit. Caithfidh an tAire a admháil nach bhfuil i gceist anseo ach pingineacha. Suim anbheag airgid a cuireadh ar fáil anuraidh agus an bhliain roimhe sin. Ní aon dáinséar é do chaiteachas an Stáit an scéim seo a ligean ar aghaidh; tá sé seafóideach a bheith ag iarraidh a chur in iúl gurb ea. Iarraim ar an Aire a chosa ar a chur ar an talamh agus a aghaidh a thabhairt ar fhadhbanna mhuintir na Gaeltachta agus teacht i gcabhair orthu tríd an scéim seo a chur ar ais sna meastacháin i mbliana agus le haghaidh an bhliain seo chugainn.

Cuirfidh mé moladh an Teachta O Maoildhia ar bharr liosta na neisceachtaí. £253,000 a bhí i gceist. Aontaím leis nach suim mhór i gcomhthéacs chaiteachas iomlán an Stáit é ach mar a léireoidh a cheannaire féin dó, tagann na pingineacha agus na mílte go léir le chéile. Rinne mé mo dhícheall airgead a chur ar fáil do scéim don bhliain seo ach ní féidir liom aon gheallúint a thabhairt ag an pointe seo mar níl na cainteanna thart.

Tá sé soiléir cá bhfuil croí an Aire i dtaobh na ceiste seo. Bhí sé in ann airgead as cuimse a fháil don taobh Ealaíon agus Cultúir den Roinn agus chuile mhír Ghaeltachta, gearrtar siar air, caitear i leataobh é mar is cosúil gur cuma an féidir le muintir na Gaeltachta dul ag a gcuid tithe nó nach féidir.

Céard í an uair dheireannach a thaisteal an tAire bóithre Chonamara ina charr fhéin? An dtuigeann sé cé chomh dona agus chomh práinneach agus atá rudaí maidir le bóithre Chonamara?

Tá taithí agamsa ar bhóithre Chonamara agus bhí i bhfad sular tháinig an Teachta Ó Cuív anuas ó Bhaile Átha Cliath go Conamara. Agus beidh mé ann nuair a bheidh sé imithe ar ais chuig a phréamacha, is cuma cá bhfuil siad.

Tá sé de nós ag an Teachta Ó Cuív startha a chur le chéile agus ligint air go bhfuil bunús leo, go bhfuil cúrsaí Gaeltachta imithe síos. An chaoi mar shampla ina roinneann an Teachta an straitéis seo, cuireann sé airgead do Theilifís na Gaeilge isteach le craolachán agus tógann sé airgead a bhí ann d'Údarás na Gaeltachta an bhliain seo caite agus deireann sé, dá bharr sin tá caiteachas Gaeltachta inithe síos go mór.

An uair dheiridh nuair a bhí mé ag freagairt ceisteanna breise ar ábhair mar seo thug an Teachta Ó Cuív dúshlán dom eolas a chur ar fáil a léireodh gur chuir a chomhleacaithe, an Teachta Bertie Ahern, ciorraithe i gcrích sna sé seachtainí nuair a bhí mise as an Aireacht. Scríobh mé ar ais chuige agus thug mé an teolas sin dó agus is fiú dó é a léamh.

Top
Share