Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Tuesday, 8 Oct 1996

Vol. 469 No. 5

Written Answers. - Teilifís na Gaeilge.

Ivor Callely

Question:

108 Mr. Callely asked the Minister for Arts, Culture and the Gaeltacht the cost to date of Teilifís na Gaeilge; the projected cost of Teilifís na Gaeilge; and if Teilifís na Gaeilge is currently within its budget. [17628/96]

Tuigim ó RTÉ gur caitheadh £11.163 milliún (caiteachas caipitil) agus £9.48 milliún (caiteachas reatha) i ndáil le Teilifís na Gaeilge sa tréimhse go 31 Lúnasa 1996. Baineann thart ar £11.163 milliún den tsuim sin le caiteachas caipitil agus thart ar £9.480 milliún le caiteachas reatha.

Is é £16.1 milliún an costas caipitil measta do Theilifís na Gaeilge. I gcomhréir le cinneadh an Rialtais den 20 Eanáir 1995 cuirfear £10 milliún in aghaidh na bliana ar fáil ón Státchiste ar bhonn leanúnach i leith costais reatha na seirbhíse nua. Ina theannta sin cuirfidh RTÉ uair an chloig amháin de chláir in aghaidh an lae ar fáil saor in aisce do Theilifís na Gaeilge. Is ceist do RTÉ féin, i gcomhairle le Comhairle Theilifís na Gaeilge, cinneadh a dhéanamh faoin gcostas a bhainfidh leis an uair an chloig sin de chláir.

Tuigim ó RTÉ go bhfuil an caiteachas go dáta ar Theilifís na Gaeilge laistigh den mheastachán a leagadh síos dó.

Top
Share