Tógfaidh mé Ceisteanna Uimh. 111 agus 112 le chéile.
Tá dualgas leagtha ar RTÉ an bunstruchtúr teicniúil a thógáil chun a chumasú do Theilifís na Gaeilge feidhmiú mar sheirbhís náisiúnta ar leith. Ba é an bunsprioc ná go mbeadh an tseirbhís ar fáil do 90 faoin gcéad den daonra ón tús. Tuigtear ón eolas is déanaí atá ar fáil ó RTÉ go meastar go mbeidh Teilifís na Gaeilge ar fáil do idir 93 faoin gcéad agus 95 faoin gcéad den daonra ón tús-dáta. Tar éis don tseirbhís a bheith tosaithe, leanfaidh RTÉ ar aghaidh leis an gclár gléasaistrithe atá pleanáilte, a mheastar a chríochnófar go luath i 1997. Ina dhiaidh sin, is ceist do RTÉ na ceantair a shonrú nach mbeidh glacadh sásúil le fáil iontu agus clár a chur idir lámha chun gléasaistritheoirí de chumhacht íseal a sholáthar, i gcomhréir leis na hacmhainní foirne agus eile a bheidh ar fáil, d'fhonn na fadhbanna sin a réiteach.
Maidir leis an glacadh sa Tuaisceart, dírím aird na dTeachtaí ar fhreagraí ar cheisteanna roimhe son ar an ábhar céanna, go háirithe an freagra a thug mé ar Cheist Uimh. 86 ar 12 Meitheamh 1996 — feic colúin 1895 agus 1896 den Tuairisc Oifigiúil don lá sin.