Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Thursday, 10 Oct 1996

Vol. 469 No. 7

Written Answers. - Scoil Leitir Mealláin (Gaillimh).

Éamon Ó Cuív

Question:

40 D'fhiafraigh Éamon Ó Cuív den Aire Oideachais an bhfuil i gceist aici an dara hoide a cheapadh i Scoil an Chnoic, Leitir Mealláin, Contae na Gaillimhe, ó tharla go raibh dhá oide sa scoil anuraidh, agus ó tharla geallúint a bheith tugtha aici nach laghdófar líon na n-oidí in aon scoil dhá oide i mbliana go hoide amháin, agus ó tharla easpa spáis a bheith sa scoil seo leis an naoi ngasúr déag a mhúineadh in aon seomra ranga amháin, de bharr chomh beag agus atá na seomraí ranga sa scoil; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [17359/96]

Níl sé ar intinn agam an dara cúntóir a chur ar fáil don scoil atá luaite ag an Teachta.

Mar a luann an Teachta, i mBealtaine 1996 d'fhógair mé i leith scoileanna beirt mhúinteoir ina raibh post an chéad chúntóra le cur ar ceal ag deireadh mhí an Mheithimh toisc titim sa líon daltaí ar rollaí, go gceadófaí an post a choimeád don scoilbhliain 1996-97. Níl Scoil an Chnoic san aicme seo.

Cuireadh post an chéad chúntóra i Scoil an Chnoic ar ceal ag deireadh na scoilbhliana 1994-95 de bharr titim sa líon daltaí ar rollaí. I mí Meán Fómhair 1995 tugadh cead don scoil cúntóir sealadach a cheapadh don scoilbhliain 1995-96. Tugadh an cead seo mar ag an am sin bhí 26 dalta ar rollaí agus theastaigh uaim a dheimhniú go gcomhlíonfaí riachtanais Riail 31 de na Rialacha do Scoileanna Náisiúnta maidir leis an íosmhéid spáis in aghaidh an dalta.
Tuigim nach bhfuil ach 19 dalta ar rollaí na scoile anois agus nach bhfuil Riail 31 á sárú inti. Mar sin, níl aon bhunús ann chun post sealadach a chur ar fáil sa scoil i mbliana.
Top
Share