Is ceist do RTÉ, i gcomhréir le ceadúnais atá faighte acu ón Aire Iompair, Fuinnimh agus Cumarsáide, cinneadh a dhéanamh faoin mbealach is fearr chun a gcuid seirbhisí, ar a n-áirítear san am i láthair Teilifís na Gaeilge, a chraoladh ar fud na tíre.
Ardaíodh an cheist maidir leis na féidearthachtaí i ndáil le Teilifís na Gaeilge a chraoladh ar Chainéal B ó Chnoc an Ois nuair a bhí an coiste teicniúil, a bhunaigh mé i 1993, i mbun oibre. Dhearbhaigh RTÉ le déanaí, áfach, go bhfuil RTÉ 1 á fháil go fóill ag na mílte teaghlach ar Chainéal B agus go mbeadh orthu aeróga eile a cheannach chun a chumasú dóibh RTÉ 1 a fháil ar chainéil eile dá n-úsáidfí Cainéal B chun Teilifís na Gaeilge a chraoladh. Ní léir dom aon chiall a bheith le socrú a chuirfidh iachall ar dhaoine aeróga nua a cheannach anois chun seirbhís RTÉ 1 — atá acu cheana féin — a choimeád.
Táim féin sásta gurb é an cur chuige is fearr ná Teilifís na Gaeilge a bheith á chraoladh ar UHF agus tuigim go mbeidh teacht ag cuid mhaith daoine ar an tseirbhís nua gan aeróga nua a chur suas. I gcásanna gur gá aeróga UHF a chur suas, tá siad ar díol, mar shampla, ar £6 nó £12 an ceann i gConamara.