Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Tuesday, 15 Oct 1996

Vol. 470 No. 1

Written Answers. - Teilifís na Gaeilge.

Éamon Ó Cuív

Question:

300 D'fhiafraigh Éamon Ó Cuív den Aire Iompair, Fuinnimh agus Cumarsáide an bhfuil cead iarrtha ag RTÉ craoladh a dhéanamh ó Mhullach an Ois ar bhealach craolta J (banda 3) VHF le Teilifís na Gaeilge a chur ar fáil do phobal na Mumhan ó 1 Samhain 1996, gan aeróg nua a fháil; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [18305/96]

Éamon Ó Cuív

Question:

301 D'fhiafraigh Éamon Ó Cuív den Aire Iompair, Fuinnimh agus Cumarsáide an bhfuil aon ordú tugtha de réir na gcumhachtaí atá aige faoin Acht Craolacháin, 1989, le cur faoi ndeara don cheadúnaí, MMDS Teilifís na Gaeilge a chur ar fáil ar an gcóras sin ón 1 Samhain 1996; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [18306/96]

Níl cead iarrtha ag RTÉ chun úsáid a bhaint as bealach craolta ins an mbanda VHF ó Mullach an Ois chun Teilifís na Gaeilge a chraoladh. Cé nach raibh sé d'aon guth, tuigim gur mhol Coiste Teicniúil Theilifís na Gaeilge, a bunaíodh, inter alia, chun córas craolacháin a shocrú do Theilifís na Gaeilge, nach raibh aon dul as ach cloí leis an gcóras UHF ionas go mbeadh sé ar fáil ar fud na tíre. Is é sin an córas a úsáideann RTÉ níos minicí anois agus is é sin an córas a úsáidfear chun TV3 a craoladh nuair a bheidh sé bunaithe.

Maidir le MMDS, níl aon ordú den saghas atá luaite ag an Teachta déanta agam. I gcomhluadar leis an Aire Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta tá sé beartaithe go mbeidh Teilifís na Gaeilge le fáil go foirleathan sa tír ins an tslí chéanna ina bhfuil RTÉ 1 agus Network 2 ar fáil faoi láthair. De thoradh san, ní gá Teilifís na Gaeilge a iompar ar MMDS. Pé scéala níl RTÉ 1 nó Network 2 ar fáil faoí láthair ar MMDS agus bheadh sé deacair na seirbhísí seo a chuir ar fáil ar MMDS toisc an ganntanas acmhainne atá ar fáil don chóras sin.

Top
Share